Discovery

WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisDiscovery

Cineál miseanclár NASA
Oibritheoir   Marshall Space Flight Center (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Discovery

Scéim de chuid NASA chun an Grianchóras a thaiscéaladh le misin shaora éadroma. 10 misean a bhí sa tsraith go dtí seo. Rinne Discovery 1 (Mars Pathfinder) aistear ar Mhars i 1997; chuaigh Discovery 2 chun an dreigít Earós a iniúchadh i 2000; chuaigh Discovery 3 chun fithisiú thart ar an nGealach is ansin imbhualadh léi i 1999; rinne Discovery 4 teagmháil leis an gcóiméad Wild-2 i 2004 agus d'fhill ar ais ar Domhan i 2006; lainseáladh Discovery 5 i 2001 chun samplaí den ghrianghaoth a fháil, d'fhill ar Domhan i 2004, ach rinneadh damáiste don chochall is tá baol gur cailleadh na hábhair a bailíodh; rinne Discovery 6 teagmháil le croíleacáin 3 chóiméad, ach cailleadh cumarsáid leis ansin; rinne Discovery 7 teagmháil le cóiméad P/Tempel 1 i 2004 is 2005; d'fhithisigh Discovery 8 Mearcair i 2004-2008; bhí Discovery 9 i dteagmháil le seandreigítí maisiúla i 2006-2010; agus tá Discovery 10 i mbun suirbhéireachta ar phláinéid taobh amuigh den Ghrianchóras.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Discovery". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 215.

From Wikipedia, the free encyclopedia · View on Wikipedia

Developed by Nelliwinne