Cath

Múrphictiúr i gcuimhne ar Chath Thaobh an Bhogaigh i nDoire

Is éard is cath ann ná troid idir dhá arm nó dhá aonad mhíleata, beag beann ar an líon saighdiúirí.[1] Tá an focal sa Ghaeilge le fada, fiú sa tSean-Ghaeilge.[2] Go minic, is éard atá i gceist ná comhrac atá soiléir ó thaobh fad ama, limistéir, agus thiomantas na bhfórsaí.[3] Mar sin féin, úsáidtear an téarma ar fheachtas míleata ina iomláine freisin, mar a dhéantar i gcás Cath na Breataine, Cath Stalingrad, Cath na Boilsce, srl. Tugtar scirmis ar chomhrac teoranta gan toradh soiléir air.

  1. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: cath” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2023-05-09.
  2. eDIL 2019: An Electronic Dictionary of the Irish Language, based on the Contributions to a Dictionary of the Irish Language”. Acadamh Ríoga na hÉireann (1913–1976). Dáta rochtana: 2023-05-09.
  3. p.65, Dupuy

From Wikipedia, the free encyclopedia · View on Wikipedia

Developed by Nelliwinne