Contae Mhaigh Eo

Bosca Geografaíocht PholaitiúilContae Mhaigh Eo

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°54′N 9°15′W / 53.9°N 9.25°W / 53.9; -9.25
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairCaisleán an Bharraigh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán130,638 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús23.39 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla5,586 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinoffice of the Cathaoirleach of County Mayo (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachcomhlacht reachtach Chomhairle Contae Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2IE-MO Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie100023
Suíomh gréasáinmayo.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Maigh EoContae Mhaigh Eo[1] ar chósta thiar na hÉireann. I gCúige Chonnacht atá sé. Ó Mhainistir Mhaigh Eo, nó Maigh Eo na Sacsan, i lár an chontae a thagann an t-ainm, agus is éard is ciall leis ná machaire nó maigh le crainn eo nó iúir. Is é Caisleán an Bharraigh an príomhbhaile atá ann.

Cnoc Mhuire, ina ndeirtear gur thaispeáin an Mhaighdean Muire í féin do leanaí, gar do theorann Chontae Ros Comáin, agus tá basilica anois ann, le busanna cuairteoirí ar a thriall chuile bhliain. Tógadh aerfort an aice lámha i mBaile Chathail, tar éis feachtais a reachtaigh an Moinsíneoir James Horan, ar a dtugtar Aerfort Chnoic Mhuire nó Aerfort Horan. In iarthar an chontae atá Cruach Phádraig, sliabh ar a ndeirtear go ndearna Naomh Pádraig troscadh ar feadh 40 lá agus 40 oíche. Bhí beagán Gaeilge sa chontae i rith an chéid seo caite, ach tá lagar mór tagtha ar líon na nGaeilgeoirí inniu. Mar sin féin, tá trí cheantar ann atá ina nGaeltachtaí oifigiúla, is iad sin, Tuar Mhic Éadaigh (agus na bailte máguaird ar iar-chladach Loch Measca), an t-oirthear Oileán Acla (araon le hInis Bigil), agus an chuid is mó d'Iorras. Tá fíor-Ghaeltachtaí fágtha i nDún Chaocháin agus ar an bhFál Mór/Eachléim.

  1. Contae Mhaigh Eo/Mayo | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.

From Wikipedia, the free encyclopedia · View on Wikipedia

Developed by Nelliwinne