![]() ![]() | |
Planda | |
---|---|
Cineál an toraidh | capsúl ![]() |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ranunculales |
Fine | Papaveraceae |
Géineas | Papaver |
Speiceas | Papaver rhoeas ![]() L., 1753 |
Is planda bliantúil é an Papaver rhoeas, le hainmneacha coitianta lena n-áirítear an chailleach dhearg[1] agus an cocán dearg, a fhásann 60 cm díreach ar airde, agus a tháirgeann laitéis bhán. Dúchasach don Eoraip is an Áise, agus tugtha isteach i dtíortha eile. Na duilleoga roinnte colgach; na bláthanna cruinn le 4 pheiteal geal scarlóideach, uaireanta le bunphaiste dorcha; an capsúl i gcruth piobaráin le fáinne poll timpeall an imill. B'fhiaile fhorleathan í tráth, na síolta suanach sa talamh ar feadh cuid mhaith blianta, ag teacht chun cinn go tapa nuair a d'iompaítí an ithir i dtalamh insaothraithe nó suaite. Tá sí ag dul i léig anois le teicníochtaí feabhsaithe talmhaíochta. Is siombail bhrónach í den chéad chogadh domhanda, mar bhláthaigh cailleacha dearga sna páirceanna áir a bhí suaite ag buamáil, cath is bás.[2]