The Flower of Scotland

WD Bosca Sonraí Saothar CeoilThe Flower of Scotland
Foirm cheoilamhrán náisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Tonúlachtmórghléas E-maol Cuir in eagar ar Wikidata
CumadóirRoy Williamson
LiriceoirRoy Williamson
Musicbrainz: 88b436d4-1738-4ba2-867c-480040c10d13 Cuir in eagar ar Wikidata


Is é The Flower of Scotland (Flùir na h-Alba as Gàidhlig) amhrán náisiúnta neamhoifigiúil na hAlban. Ba é Roy Williamson, as an ngrúpa cheol tíre úd The Corries, a scríobh é. Baintear úsáid neamhoifigiúil as Scotland The Brave mar an amhrán náisiúnta freisin.

Le lucht leanúna na foirne rugbaí in Albain is mó a shamhlaítear The Flower of Scotland inniu. Ghlac siad leis mar amhrán catha an chéad uair sa bhliain 1974, nuair a bhí na Leoin (British and Irish Lions) ar turas san Afraic Theas. Is gnách fíochmhaireacht ar leith a chur sa dá líne dheireanacha i ngach ceathrú, go háirithe roimh chluichí in aghaidh Shasana. Ghlac Cumann Sacair na hAlban leis mar amhrán oifigiúil sa bhliain 1997, ag leanúint réamhshampla Aontas Rugbaí na hAlban.

Tagraíonn téacs an amhráin don bhua a rug na hAlbanaigh, a raibh Roibeard de Brús i gceannas orthu, ar na Sasanaigh, agus iad faoi chomandracht an Rí Éamann a Dó, i gCath Allt a' Bhonnaich sa bhliain 1314


From Wikipedia, the free encyclopedia · View on Wikipedia

Developed by Nelliwinne