Cineál fostaíochta | aisteoir agus ealaíontóir |
---|---|
Réimse oibre | coiméide |
Is ionann Fuirseoir nó Fear grinn agus duine a chuireann siamsaíocht ar fáil do lucht féachana trí hiad a chur ag gáire. Is gnách go n-íoctar an duine as an obair seo. Déantar é seo trí scéalta grinn a insint nó trí eachtraí áiféiseacha a chur ar siúl nó trí ghreann ropánta. Tugtar 'fuirseoirí ar a mboinn' ar fhuirseoirí a bhíonn ag caint go díreach leis an lucht féachana os a gcomhair, agus iad ag déanamh iad féin a chur in iúl.
Bíonn stíleanna grinn difriúla ag na fuirseoirí éagsúla. Bíonn blas na polaitíochta agus cúrsaí reatha ar ghreann Bill Maher agus George Carlin i Meiriceá, agus bhí an aoir pholaitiúil le sonrú go mór ar ghreann an fhuirseora Éireannaigh, Dermot Morgan. Ach bíonn an greann ag leithéid Tommy Tiernan bunaithe ar a shaol féin nó ar chúrsaí an tsaoil, áit a mbeadh leithéidí Ross Nobel ag baint leasa as áiféis chun daoine a chur ag gáire. Cuireann fuirseoirí iad féin i láthair go beo, nó ar an raidió nó ar an teilifís go minic. Is minic go mbíonn an chuid is mó fuirseoirí ag déanamh a gcoda agus iad ag dul ar camchuairt lena seó féin ar fud na tíre nó ar fud an domhain, go háirithe ag Féilte Grinn a bhíonn á reáchtáil ar fud an domhain.